Frithbhulaíocht

Sainmhíniú ar iompraíocht bhulaíochta mar atá léirithe in Cineáltas: 

Iompar spriocdhírithe a dhéanann dochar, ar líne nó as líne, is ea bulaíocht. D’fhéadfadh sé gur dochar fisiciúil, sóisialta agus/nó mothúchánach a bheadh i gceist. Leanann iompraíocht bhulaíochta ar aghaidh thar thréimhse ama agus bíonn neamhchothroime cumhachta i gceist ann sa chaidreamh idir beirt nó idir grúpaí daoine sa tsochaí.

Cearta agus freagrachtaí gach ball de phobal na scoile

CeartFreagracht
Tá sé de cheart agam a bheith sábháilte ar scoilTá dualgas orm féachaint chuige gur áit shlán agus sábháilte do dhaoine eile í ár scoil.

Cearta agus freagrachtaí scoláirí agus baill foirne

Tá sé de cheart agam …Tá freagracht orm cinntiú:
  • Go gcaithfí liom le meas
  • A bheith sábháilte go fisiciúil agus glacadh leis go bhfuil mo mhaoin sábháilte ar scoil
  • A bheith saor ó gach cineál íde béil
  • Saor ó imeaglú
  • Saor ó ráitis agus ó theagmháil ghnéasach neamhfháilteach
  • Saor ó aon tagairtí nó galamaisíocht ghoilliúnach a bhaineann le pearsa, eitneacht, reiligiún nó cultúr
  • A bheith in ann foghlaim & múineadh gan gearradh trasna orm.
  • Go gcaitear le daoine eile le meas
  • Go mbíonn daoine eile sábháilte go fisiciúil agus maoin daoine eile sábháilte
  • Go mbíonn daoine eile saor ó íde béil
  • Go mbíonn daoine eile saor ó imeaglú
  • Go mbíonn daoine eile saor ó ráitis agus ó theagmháil ghnéasach neamhfháilteach
  • Go mbíonn daoine eile saor ó aon tagairtí nó galamaisíocht ghoilliúnach a bhaineann lena bpearsa, eitneacht, reiligiún nó cultúr
  • Gur féidir le daoine eile/scoláirí foghlaim gan gearradh trasna orthu
  • Go ndéileáltar le hiompar mí-oiriúnach mar is cuí.

Cearta agus freagrachtaí tuismitheoirí

Tá sé de cheart agam:Tá freagracht orm cinntiú:
A bheith ag súil go bhfuil mo pháiste sábháilte ar scoil agus gur féidir leo foghlaim gan a bheith ag gearradh trasna orthu.
  • Go dtuairiscítear iompraíocht bhulaíochta don scoil.
  • Go gcloítear go hiomlán le feidhmiú polasaithe scoile.

Freagrachtaí lucht féachana/finnéithe

Is ceart duitNá
  • ‘Stop’ nó ‘ná déan’ a rá nuair a fheiceann nó nuair a chloiseann tú duine éigin ag caitheamh go mífhéaráilte le duine eile – bí ceannasach ach ní ionsaitheach
  • Cúnamh a fháil láithreach ó dhuine fásta más cás dainséarach é
  • É a rá, nuair a bhíonn a fhios agat faoi bhulaíocht ar scoláire (Ní sceitheadh é seo. Baineann sé le sábháilteacht).
  • Glac páirt i mbulaíocht, ar nós a bheith ag gáire, ag fonóid, ag magadh nó ag troid srl.
  • Tabhair ugach don té atá i mbun bulaíochta.
  • Fan thart má tá dainséar ann.
  • Déan bulaíocht ar an mbulaí.

Bealaí chun bulaíocht a thuairisciú

1. Inis do mhúinteoir

2. Seol r-phost: frithbhulaiochtcg@gretb.ie

3. Líon isteach an fhoirm thíos

pdf, 3MB

Polasaí Frithbhulaíocht Bí Cineálta Choláiste Ghobnait:

www.gov.ie

Nósanna Imeachta chun Iompraíocht Bhulaíochta a Chosc agus Dul i nGleic léi do Bhunscoileanna agus d’Iarbhunscoileanna

Tuairisciú Bulaíocht

Is féidir bulaíocht a thuairisciú anseo ach an fhoirm thíos a chomhlíonadh:

Nóta: Tabhair faoi deara le do thoil, ní dhéanfar an fhoirm seo a athbhreithniú ach le linn uaireanta oifigiúla scoile ó 9 rn go 4 in le linn théarma na scoile.

Má tharlaíonn eachtra thromchúiseach taobh amuigh d’uaireanta scoile nó de théarma na scoile, déan an imní a thuairisciú do na Gardaí le do thoil.