Coiste na dTuismitheoirí

Baill an Choiste 2021/2022

Cathaoirleach: Úna Mhic Dhonnachadha

Rúnaí: Olive Ní Fhlátharta

Cisteoir: Áine Uí Fhlátharta

Ionadaithe Bord Bainistíochta: Caomhán Ó Conghaile agus Sarah Uí Dhómhnaill

Sonraí Teagmhála

Rúnaí: oliveu123@yahoo.ie

Cathaoirleach: ancheibh@gmail.com

Eolas Ghinéaralta

Is struchtúr é Coiste na dTuismitheoirí trínar féidir le tuismitheoirí na scoile oibriú le chéile ar mhaithe le hoideachas na ndaltaí. Tá gach tuismitheoir/caomhnóir ina mball de Choiste na dTuismitheoirí. Comhoibríonn an Coiste leis an bPríomhoide, foireann na scoile agus an Bord Bainistíochta, chun ceangal éifeachtach a bheith idir an baile agus an scoil. Bíonn cruinniú ag an gcoiste gach téarma. Bíonn baill an choiste ag feidhmiú agus i dteagmháil leis an bPríomhoide i rith na bliana. Bíonn cruinniú cinn bhliana an choiste ar siúl i mí Méan Fómhair gach bliain.

Aidhmeanna

Tá cheithre aidhm thábhachtach ag Coiste na dTuismitheoirí i gColáiste Ghobnait.

  • Modh cumarsáide dearfach a bheith ann idir tuismitheoirí/caomhnoirí, bainistíocht na scoile, an foireann teagaisc, Comhairle na Mic Léinn agus an Bord Bainistíochta, ar mhaithe le hoideachas agus forbairt leanúnach na ndaltaí.
  • Tuairimí na dtuismitheoirí a chur in iúl taobh istigh den scoil agus do ghrúpaí taobh amuigh, m.sh Comhairle Naisiúnta na dTuismitheoirí. Tá an coiste cláraithe leis an gComhairle.
  • Tuismitheoirí a chuir ar an eolas maidir le forbairtí sa scoil agus maidir le hathraithe oideachasúla a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar na scolairí.
  • Imeachtaí a eagrú agus tacaíocht a thabhairt chun airgead a bhailiú don scoil i rith na scoilbhliana, m.sh an Inis Oírr Wild Atlantic Island Run. Ba mhaith le Coiste na dTuismitheoirí buíochas a ghlacadh le gach tuismitheoir/caomhnóir agus chuile dhuine a thugann síntiús agus a ghlacann páirt sna dúshláin a eagraíonn an scoil gach bliain ina measc. an Inis Oírr Wild Atlantic Island Run a bhí ag an scoil i mbliana .

Tá ionchur ag tuismitheoirí/caomhnoirí i bpolasaithe na scoile a chur le chéile, rud a chintíonn go bhfuil tuairimí na dtuismitheoirí léirithe sna polasaithe. Is mór againn tacaíocht na dtuismitheoirí/caomhnoirí agus cuirimid fáilte roimh ionchur tuismitheoirí/caomhnoirí in imeachtaí curaclaim agus seach-churaclaim na scoile. Tá rannphairtíocht na dtuismitheoirí fíor thábhachtach agus luachanna na scoile á gcur chun cinn ar scoil, sa bhaile agus sa saol.