Cur Síos

Suíomh

Inis Oírr lonnaithe i cuan na Gaillimhe ar chósta thiar na hÉireann agus is ceann d'Oileáin Árann é. Is áit gan fuachas é le timpeallacht ghleoite agus teanga bhinn na Gaeilge. Is féidir eitilt chuig an oileán as Indreabhán i gConamara le Aer Árann nó taisteal ar bhád as Ros an Mhíl i gConamara nó go seasúrach as Dúlainn i gCo. an Chláir.

Is oileán gleoite aolchloiche é. Tá brat tanaí fóid agus féir, le flóra agus fána ar leith, ar chuid den oileán agus gríoga loma aolchloiche le feiceáil in áiteacha eile. Tá sé cosúil leis an mBoireann agus daonra de 250 ann ar feadh na bliana. Oileán Gaeltachta é Inis Oírr le stair agus cultúr saibhir rud a tharraingíonn go leor turasóirí chuig an oileán. Tá séipéal, oifig poist, siopa, beáir, bialanna & caiféanna, óstán, brú & Leaba & Bricfeasta, clós spraoi, trá shábháilte, bus pobail, ionaid cheardaíochta, Ionad Ealaíon agus Comharchumann ann. Is féidir dul ann chuile thráth den bhliain ar eitleán nó i mbád.

Cnoc Raithní (In aice leis an bPáirc)

Is carn adhlactha ón gCréumhaois é an séadchomhartha seo agus thángthas trasna air arís in 1885 i ndiaidh stoirm ghainimh.

Caisleán Uí Bhriain & Dún Formna

Caisleán trí stóir a thóg na Brianaigh a bhí i gceannas an oileáin ó thart ar 1190 go 1585. Tá an caisleán tógtha taobh istigh de Dhún Formna a théann siar chomh fada leis an gClochaois.

An Túr Faire & An Sean Scoil

Tógadh an túr le linn ré Napoleon agus bhí sé seo ar cheann de shraith túir faire a tógadh timpeall chósta na hÉireann chun na Sasanaigh a chur ar an eolas maidir le h- ionsaí farraige ó na Francaigh.

An Seanscoil (cóngarach don Túr Faire) – tógadh in 1885 é agus bhí sé in úsáid go dtí 1940.

Teampall Chaomháin (Reilig an lae inniu)

Tá Caomhán, pátrún an oileáin, curtha i Leaba Chaomháin sa reilig seo. Déantar a lá fhéile a cheiliúradh ar Inis Oírr ar an 14 Meitheamh. Tá fothracha an tséipéil ag dul siar go dtí an 10-14ú céad.

An Loch Mór

Tá achar 6.6 heicteár sa loch seo de chineál murlach agus meastar go bhfuil sé ar cheann de na lochanna is doimhne in Éirinn ag thart ar 23m. Déanadh anailís ar shamplaí pailine ón loch a thugann le fios go raibh an t-oileán faoi bhrat crann na mílte bliain ó shin.

An Plassy

Ar an 8 Márta, 1960, bhuail an long lastais, an Plassy, Carraig na Finise sa Sunda Theas (an sunda idir Inis Oírr agus Co an Chlár) ar a turas ó Fhaing go Gaillimh. Níor cailleadh aon saol mar gur shabháil muintir an oileán, gan aon chúnamh seachtrach, an méid a bhí ar bord, ach ní raibh cead acu an lasta a shábháil!

An Teach Solais

Tá an teach solais i bhfeidhm ó 1857. Tá sé 37m ar airde. Is féidir an solas a fheiceáil san oíche 20 muirmhíle ó bhaile.

An Cloch Cuimhniúcháin

Tá an chloch seo curtha suas in omás do na daoine uilig a bádh as Inis Oírr.

Cill na Seacht nÍníon

Tugtar AN CHILL air seo go háitiúil. Cé go bhfuil sé taifeadta mar an suíomh mainistreach is sine ar an oileán agus go mbaineann sé le Naomh Moninne, an chéad Naomh a chónaí ar an oileán, ní thugann muintir na háite cuairt air mar áit oilithreachta faoi láthair. Tá na "ráithe codlata" sa bhalla imlíne ag meabhrú na catacóim sa Róimh. Cé go bhfuil 'Cill na Seacht nIníon' aistrithe mar 'Church of the Seven Daughters' ciallaíonn Seacht i nGaeilge roinnt nó go leor.

Tobar Éanna

Tá an tobar earraigh seo, atá in úsáid is dócha ó amanna réamhstairiúla, in iomás do Éanna, naomh a tháinig chun cónaí sna oileáin seo timpeall 485AD. Is áit oilithreachta é go dtí an lá atá inniu ann agus cuireann an bheannacht speisialta a bhaineann le feiceáil an eascann cónaithe go mór leis.

Cill Ghobnait

Tá píosa dealbhóireachta, a dhéan an dealbhóir Eileen Mac Donagh as aolchloch Inis Oírr taobh amuigh den suíomh agus tá an séipéal beag 'Teampall Ghobnait', dhá chloch uaighe ardaithe, both bhothán agus crann mór seanda a bhfuil tábhacht naofa leis ann. Is áit oilithreachta é seo mar bhí cónaí ar Naomh Gobnait ann nuair a tháinig sí go hInis Oírr ón mBoirinn. Tógadh an séipéilín beag - Teampall Ghobnait, san 8ú nó 9ú aois. Deirtear gur theith Naomh Gobnait, patrún Bhaile Bhuirne go hInis Oírr le n-éalú óna naimhde ar an mórthír.