Eolas faoi
Coláiste Ghobnait

Scoil chomhoideachais ar Inis Oírr is ea Coláiste Ghobnait a fheidhmíonn faoi phátrúnacht Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin. 

Cuireann Coláiste Ghobnait ar fáil an tSraith Shóisearach, an Ardteistiméireacht agus clár na hIdirbhliana.

Is iarbhunscoil bheag lán Ghaelach í Coláiste Ghobnait. Bunaíodh Coláiste Ghobnait i 1985. Tá sí suite in Inis Oírr, an t-oileán is lú d’Oileáin Árann. Cuirtear oideachas ar fáil i gColáiste Ghobnait do scoláirí Inis Oírr agus d’aon scoláirí eile gur mhian leo a gcuid oideachais a fháil trí mheán na Gaeilge. Is acmhainn luachmhar í an Ghaeilge do phobal uile Choláiste Ghobnait agus do phobal Inis Oírr.

Tá ardchaighdeán acadúil i gColáiste Ghobnait agus tá atmaisféar dearfach, cairdiúil agus Folláine sa scoil. Freastalaíonn Coláiste Ghobnait ar gach cumas foghlamtha, teanga agus ar gach gné d'fhorbairt an scoláire. Is scoil bheag muid a bhfuil réimse leathan ábhar ar fáil inti.

Tá scoileanna i gcroílár gach pobal, ach go mór mór ar Oileán. Gan na scoileanna, bheadh na hoileáin i mbaol a mbánaithe. Dúshlán mhór atá ag scoil Ghaeltachta ná timpeallacht a chothú inar féidir freastal ar riachtanais teanga agus oideachais dhaltaí an chórais sin, comhthreomhar lena chéile.

Tá sé riachtanach do Bhainistíocht, Bord Bainistíochta, Tuismitheoirí agus Scoláirí Choláiste Ghobnait go mbeadh scoláirí na scoile ag baint amach a gcuid eispéireas foghlama i ngach ábhar tré mheán na Gaeilge. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh ar chumas Choláiste Ghobnait a ndualgais ghairmiúla a chomhlíonadh go héifeachtach d’fhonn eispéireas fiúntach foghlama agus forbartha a chinntiú do na scoláirí atá faoina gcúram.

Ráiteas misin

Ár misiún i gColáiste Ghobnait ná forbairt oideachasúil, intleachtúil, fisiciúil, spioradálta agus morálta a spreagadh i measc scoláirí na scoile i dtimpeallacht shláintiúil a thugann tús áite don fhéinmheas, don neamhspléachas agus d’fhorbairt gach ball de phobal na scoile.

Fís

“Ag fás is ag foghlaim le chéile go díograiseach agus go dúthrachtach trí mheán na Gaeilge, ina dtugtar tús áite do chothromaíocht, meas folláine agus ionracas, le spiorad an chomhoibrithe i measc pobal uile na scoile.”

Luachanna

Mar phobal scoile tá ionchais árd againn bunaithe ar fhís agus misún na scoile agus go mbeidh muid ag treabhadh an bhóthair le ár gcroí Luachanna le chéile.

Mar phobal scoile seo iad ár gcroí luachanna atá fite fuaite i bhfís agus misiún na scoile.  Beidh muid ag treabhadh an bhóthair i gColáiste Ghobnait le chéile chun ár gcroí luachanna a bhaint amach agus go mbeidh ár gcroí luachanna lárnach i ngach gné i dtimpeallacht na scoile.