Scoláireachtaí

Gach bliain, trí Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, cuireann an an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cistiú ar fáil chun clár socrúchán cónaitheachta Gaeltachta a thairiscint do mhic léinn dara leibhéal ar mhaith leo tréimhse scoilbhliana acadúla amháin ar a laghad a chaitheamh i gceann de thrí scoil iar-bhunoideachais Bord Oideachas agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (BOOGRC) ar Oileáin Árann. Is iad na scoileanna sin Coláiste Naomh Éinne Inis Mór, Coláiste Ghobnait, Inis Oírr agus Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin. Baineann an polasaí seo leis na trí scoil oileáin sin amháin. 

Is iarbhunscoil bheag lán-Ghaeilge í Coláiste Ghobnait. Tá oideachas ar fáil do scoláirí an oileáin agus do scoláirí eile gur mian leo a gcuid oideachais a fháil tré mheán na Gaeilge. Chomh maith leis an Teastas Shóisearach agus an Ardteistiméireacht tá Idirbhliain ar fáil. 

Féach le bhur dtoil an Polasaí atá ceangailte chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an scéim seo agus is féidir an fhoirm iarratais a fháil ag an nasc seo

Polasaí BOOGRC (pdf, 754kb)

Foirm Iarratais 2024/2025